A Stór, A Stór, A Ghrá

A stór, a stór, a ghrá
A stór, a stór an dtiocfaidh tú?
A stór, a stór, a ghrá
An dtiocfaidh tú nó an bhfanfaidh tú?

Bhí mé lá breá samhraidh
I mo sheasamh ar an mhargadh
'S is iomaí fear a dúirt liom
"Monuar, gan tú sa bhaile agam."

Gheall mo ghrá domsa
Cinnte go dtiocfadh sí
Ní raibh a culaith déanta
Agus sin an rud a choinnigh í

Tá an t-uisce ag teacht ón Éirne
Is tá an féar ag teacht ó neamh chugainn
Tá utha na mba á réabadh ar mhéid
Is 'tá de bhainne acu

Thart tóin an gharraí, a Mháire
Bhfuil an fhidil leat?
Aicearra na bprátaí go dtéimid
'Sair an fhidileoir

Bhí mise lán den tsaol
Is bhí cion amuigh is istigh orm
Nach mór a d'athraigh an saol
Nuair nach bhfuil cion ag duine ar bith orm?


Taal: hausa